Rúsc
Cuma

Sa ghnáthchiall, is éard is rúsc (nó coirt) ann ná an t-ábhar righin a chumhdaíonn an taobh amuigh de chrann,[1] clúdach seachtrach cosanta garbh a bhíonn ar na crainn, agus ar phlandaí adhmadacha eile.
Le bheith beacht, cuimsíonn sí fíocháin eile inmheánacha, an corc is an fhlóéim.
De réir mar a fhásann an crann síneann an choirt, scoilteann sí, déanann calóga, scamhann i bpatrúin dhifriúla ar leith, agus fásann coirt nua ina hionad ó na cisil inmheánacha caimbiam.[2]
Rùsg a deirtear i nGaeilge na hAlban.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "coirt - Definition in Irish Gaelic with audio pronunciation for coirt by Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2026-04-17.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Coirt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 160.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |